top of page

HENRAÍ AGUS AN BÁD SÍGHE

Siar san am fadó bhí fear íontach farraige ina chónaí ar bhaile an Chartúir darbh ainm Henrí ó Catháin; Henrí Mháire.

​

Ar Thaobh Chnoc an Tearmain a tóigadh Henrí, nuair a phós sé tháinig sé a chónaí go baile an Chartúir áit ar chuir sé suas siopa agus stór.

 

Bhí bád mór aige agus chaitheadh sé chupla fear de chuid an bhaile a thabhairt leis air an astir fada farraige go Cathair na Mart chun locht an bháid de earraí siopa a fháil le tabhairt abhaile le díol ina shiopa fhéin.

 

Thóigadh an cúrsa farraige seo lá fada, ní nach íonadh báid seóil uilig a bhí ag tráchtáil air na cúanta ag an am agus is minic a fuair siad droch chóir le gáladh agus farraige árd.

 

Ansin nuair a thagadh bád Henrí isteach go Cúan an Chartúir mara mbeadh snámh aicí go dtí an chéibhín a bhí déantaí ag Henrí amach díreach óna theach, chaitheadh muintir an bhaile crionadh lena gcuid asail agus cléibh leis an locht a chartadh nuair a bheadh an bád tráita.

​

Bhíodh fir agus mná chomh maith le páistí an bhaile amuigh ar tráigh agus iad ag baint spórt breá amach, go mór mhór oícheanta spéir ghealaí.

 

Bhí cearthar mac agus seisear iníon go mhuirín air fhéin agus a bhean Peigí. Nuair d’fhás an chlann mhac suas fuair Henrí bád ocht dtonna déanta ó shaor bád dharbh ainm Maitias ó Guairm as Connemara, fear a chaith chupla bliain thart anseo ag tógáil báid agus ag múnadh na ceirde ag an am céanna.

 

Amach óna dhoras fhéin ar Shráid an Chartúir a rinne Guairm an bád mór seo. An lá ar cuireadh amach an tsnamh í bhí an méid fir thart sna seacht mbailte cruinn dhá sáthú.

 

Thainig méid agus reath air ghraithe mhuintir Henrí Mháire as sin amach, thoisaigh siad ag ceannacht slata mara, ceilp agus carraigín ó mhuintir na háite agus dhá stóráil sa bhfoirgneamh mór dhá stór ar airde a bhí acu ar an mbaile.
 

An mhaidin seo déirí Henrí agus a chlann amach deirbeadh oíche agus thug a naighaidh chun farraige mar bhí fhios acu go raibh sé ag tarraingt athruith.

 

Nuair sheól siad amach Cúan an Chartúir bhí sé glas as gaoth anear-aneasagus béigan dhóibh cúpla leath–bhord a chaitheadh trasna chuan an Fhód Duibh nó go ndeacha siad chomh fada le Ceann hIomalt, bhí Henrí air an stiúir agus b’fhacas dhó sa dorchadas nuair thug sé thart a shúil go raibh bád eile ag seóladh bord air bhord leo.

 

Faoin am seo bhí sé garbh agus crapach go maith, bhéic fear an bháid eile air Henrí “c’én sórt bád atá leat”.

 

Bád iarainn agus adhmaid.

​

bottom of page