top of page

BATHÚ INIS GÉ

Tharla an bathú i Inis Gé ar an 28ú lá de Dheireadh Fómhair 1927. Bathú deichniúr agus tháinig beirt slán.

​

D’fhág tríocha currach Inis Gé theas thart ar a sé a chlog san tráthnóna agus chuaigh siad go Inis Gé Thuaidh chun na heangacha a fháil.

 

Chuir siad amach na h-eangacha thart ar leath mhíle amach ó Inis Gé thuaidh.

Oíche an-chiúin a bhí ann agus ní raibh aon comhartha go raibh droch aimsir ag teacht.

 

Ag iascaireacht i gcomhair ronnaigh a bhí siad an oíche sin. Thart ar a naoi a chlog d’ardaigh an gála.

 

Creidim gur sórt stoirm gaoithe (hurricane) a bhí ann. An dream a bhí gar den oileán, tháinig siad san slán. Tháinig beirt, a bhí ceaptha amuigh i lár na stoirme, slán freisin.

Cuireadh i dtír iad i bPort Ghlais “Antoine Tommy (Antoine ó Maoineacháin) agus “John a Tommy” (Seán ó Maoineacháin) an t-ainm a bhí orthú.

 

Fuaireadh na corpanna thart ar an gCósta, i bPort Ghlais agus i bPort a Chairn. Ní bhfuair siad corp amháin riamh, corp Michaél ó Catháin. Cuireadh na corpanna sa sean teampall ar an bhfálmór. Ní raibh muintir an oileáin in ann teacht amach chuig an tsochraid mar bhí an aimsir go han-dona. Bhí a fhios acu gur tháinig duine éigin slán mar las muintir na háite tine thuas ar an gcnoc.

​

Ainmeacha na fir a bathú:

Seán ó Maoineacháin (fear pósta) aois 40

Seán (22) agus Michaél ó Monacháin (25)

Seán (21) agus Turlach ó Raghallaigh (14)

Liam ó Raghallaigh (21)

Seán Mac Gintí – (19)

Martán ó Maoineacháin – 21

Michaél ó Catháin 21

Michaél ó Maolabhail – 21

Taréis an bathú thosaigh na daoine ag fágáil an oileán agus chuir siad fúthú i nGhlais agus Tamhain na h-ultaigh. D’fhag an clann deireanach an oileán i 1934.

 

Chuala mise na scéalta seo agus mé i mo ghasúr chois na tine ag éisteacht leis na seanbhoic ag cur síos ar na gaiscí a bhí ann fadó, ag inseacht faoi thaibhsí agus eachtraí san áit lena linn féin agus a muintir rompú. Tá na scéalta seo curtha síos anseo i gcanúint na háite agus leis an litriú dhá réir.

 

Mé féin Padhraic S. Ó Murchú atá freagrach as na píosaí uilig, níor cuireadh tada dhó seo í gcló go dtí anois.

​

TAIBHSE OILEÁN SA TUAITHE

Siar in sna naoi déag cearachadí agus naoi déag caogadí thagadh soigheach an ghuail isteach go Fód Dubh leis an ngual a bhí ag teastáil le haighaidh na bliana chun na trí tithe solais a rith ar feath na. Fear áitúil de thógáil Inis Céidhe darbh ainm Pádhraic Breathnach, ba aige a bhí an congradh leis an ngual a chur amach ar na carraigeacha.

 

Bhíodh go leór fir áitúil ag saorthú chupla punta fhad agus bhíodh obair an ghuail ar siúl bád seóil a bhí ag Pádhraic Breathnach agus bhíodh an chuid ab fhearr de na fir farraige leis sa mbád í gcónaí. Ansin, bhíodh cupla cairt bheithí ag tarraingt an ghuail aníos ón gcladach go dtí an teach solais ar an Fhód Dubh.

 

Lá amháin bhí uncail liom fhéin agus mac le fear an bháid ag obair ar Oileán sa Tuaith, bhí siad ag iompar na málaí aníos ón landáil go dtí an stór agus dhú cgur ina seasamh í mullach a chéile agus ag déanamh cárnán árd dhíobh. An uair seo bhí siad beirt ag tíocht aníos le dhá mhála agus nuair a bhí siad í ngar den chárnán choinic siad mála dhá thógáil suas san aer agus dhá chaitheamh ina dtreaó, ní nach íonadh baineadh lán a mbunna astú go bharr go raibh fhios acu nach duine saolta a rinne sin.

 

“Gheobhfaidh tú do théadh anocht”, arsa an Breathnach le mo uncail, “tá taibhse na carraice í ngar dhuit”. An oíche sin nuair a siad tamall ina gcoladh chuala siad torann na mbróg ag tíocht aníos an staighre, “nár dhúirt mé leat go mbeadh sé anseo”. Bhí an bheirt ina gcoladh ar aon leaba agus mo uncail a bhí le balla, faoin tráth seo bhí sé ag tabhairt na gcor agus na múnógaí allais leis le teann faitéis.

 

Ansin labhair an Breathnach go fearragach leis an taibhse, “má thagann tú níos goire cuirfidh mise san áit thú nach bhfágfidh tú go haibéil”. Chas sé air a sháil, amach an doras agus síos an staighre aríst. Ní raibh aon fhaitéas an mBreathnach mar bhí ceist an taibhse aige. Thaispáin sé de mo uncail ar maidin ar chúl na carraice an áit a neacha duine de na fir solais le fánne chupla bliain roimhe sin, bhí a chuid fola le feiceál ar an gcarraig.

bottom of page