top of page

TAIBHSE OILEAN SA TUAITHE

Siar in sna naoi déag cearachadí agus naoi déag caogadí thagadh soigheach an ghuail isteach go Fód Dubh leis an ngual a bhí ag teastáil le haighaidh na bliana chun na trí tithe solais a rith ar feath na. Fear áitúil de thógáil Inis Céidhe darbh ainm Pádhraic Breathnach, ba aige a bhí an congradh leis an ngual a chur amach ar na carraigeacha.

 

Bhíodh go leór fir áitúil ag saorthú chupla punta fhad agus bhíodh obair an ghuail ar siúl bád seóil a bhí ag Pádhraic Breathnach agus bhíodh an chuid ab fhearr de na fir farraige leis sa mbád í gcónaí. Ansin, bhíodh cupla cairt bheithí ag tarraingt an ghuail aníos ón gcladach go dtí an teach solais ar an Fhód Dubh. Lá amháin bhí uncail liom fhéin agus mac le fear an bháid ag obair ar Oileán sa Tuaith, bhí siad ag iompar na málaí aníos ón landáil go dtí an stór agus dhú cgur ina seasamh í mullach a chéile agus ag déanamh cárnán árd dhíobh.

 

An uair seo bhí siad beirt ag tíocht aníos le dhá mhála agus nuair a bhí siad í ngar den chárnán choinic siad mála dhá thógáil suas san aer agus dhá chaitheamh ina dtreaó, ní nach íonadh baineadh lán a mbunna astú go bharr go raibh fhios acu nach duine saolta a rinne sin. “Gheobhfaidh tú do théadh anocht”, arsa an Breathnach le mo uncail, “tá taibhse na carraice í ngar dhuit”. An oíche sin nuair a siad tamall ina gcoladh chuala siad torann na mbróg ag tíocht aníos an staighre, “nár dhúirt mé leat go mbeadh sé anseo”. Bhí an bheirt ina gcoladh ar aon leaba agus mo uncail a bhí le balla, faoin tráth seo bhí sé ag tabhairt na gcor agus na múnógaí allais leis le teann faitéis.

 

Ansin labhair an Breathnach go fearragach leis an taibhse, “má thagann tú níos goire cuirfidh mise san áit thú nach bhfágfidh tú go haibéil”. Chas sé air a sháil, amach an doras agus síos an staighre aríst. Ní raibh aon fhaitéas an mBreathnach mar bhí ceist an taibhse aige. Thaispáin sé de mo uncail ar maidin ar chúl na carraice an áit a neacha duine de na fir solais le fánne chupla bliain roimhe sin, bhí a chuid fola le feiceál ar an gcarraig.

​

GÉIBHAÍ BHRÍD MHOR

 

Má bhfaígh míse farnis ó Bhríd nó ó Phádraic Sár séidi an gáladh nó an gairafann mór Nuair fuadíodh na héanlaí bhí thiar-duaidh na hEireann O Bhaile Inis Céidhe go Tráigh an Phoirt Mhóir Mo bfhágh mise foirinn air dhá thaobh na hAirde Ná soigheagh breá láidair le dhuil air a dtóir Béidh Antoine Tommy, Pat Cheit Mhíchael Johnny I mbád William Sally, Seán Phadeí dá góil Do leag siad amach í ó Thráigh Phort’a Bhaile.

​

Agus bhí sé ina gheatach’s í faoi reacht seóil Nuair chuaigh sí cur thart sí níor chail sí sa gceasadh é Nó gur sheas sI a cuid talaimh ós cionn Dhuibh Oileán Mór Séard dúirt William Sally tá an “laid” ag Seán Phadeí O d’imi Artúr Gaimil as bád Mhartain Mhóir Nuair a chualaí Michael Phadeí an éagaoint.

 

Ná téagai sa ngeibhann tá an gairifeann mór Má tá sneachta ar na sléibhtí ni bhfaigjthar na héanlai Fá n’ionseacht dhá mhile go Bhéal an áth Mór O léachtaí lá fánach a chaith mé air a bhfárnis ‘S niorbh fhéad liom a dtársmh ó mhaidin go faoi Nuair a smaoinims air Cheathrúin sea fuair mé an oiche Mac Muire dhá shábhail air bhóithri’s ag tráchtáil Ag diol maidi lábhráin ‘gus slataí go leor Má tá Dick ó Miacháin amuigh í bhFálach Sé thug dhomsa fárnis air gheobhí Bhrid Mhór.

​

ANRAÍ AN FATHACH MÓR

 

Bhí fear in a chónaí anseobh fadó a dtugadh siad ‘Anraí Crosach’ air, fathach a bhí in Anraí, Anraí Ó Catháin an t-ainm baistiú a bhí air, agus ba é an fathach deiridh a chónaigh san áit seo. Bhéadh sé ráití gur thoir i nduibhoileáin gur rugadh Anraí agus gur thíos in íochtar dhuibhoileáin a tógadh é. Deir siad chomh maith gur chaith hAnraí seal gearr in a chónaí anseobh ar an gCartúr. Ansin fuaigh sé anonn a chónaí ar thaobh na hEachléim i ngar don chladach anseobh ar taobh Gob an Choirí, áit a dtugann siad ‘Mannrachaí an Ghréasaí air’.

 

Bhog sé leis thiar ansin agus chuaigh a chónaí thiar thart ar an áit a bhfuil an nDumhach Cheallabh ann, soir ó Bhaile na hEachléime, soir ó theach John Phillip fadó. As sin, fuaigh sé siar a chónaí in áit a dtugann muidí ‘An Chaisleáin’ inniubh air, Sraith a’Chaisleáin. ‘Taobh Mór na hEachléime’ a thugthaí ar an áit seo fadó, sa t-seanam. Sin an áit deiridh ar chónaigh Anraí Crosach.

 

Bhí cáil mhór ar hAnraí faoin a chuid oiriús agus faoin a chuid gaisce agus ní raibh fear ar bith in ann a bhual a fháil air. Agus bhí sé ráití go mba’é an fear ba láidre i gCondae Mhaigh Eo, len a linn. Chualaidh fathach eile a bhí in a chónaí thíos i Sligeach faoi hAnraí, agus, bhí mórtas idir an fathach seobh agus na Binghamí a bhí in a gcónaí i gCaisleáin Oiligh, caisleáin an Bhingamí.

 

Agus, an lá seo a thainig an fathach in a chaisleáin agus d’fhiafraigh sé cén áit thart anseobh a raibh Anraí Crosach in a chónaí. ‘Bhail’, a deir an Binghameach, ‘speánfaidh mise amárach é agus cuirfidh mé fear leat a thabharfas chomh fada le hAnraí thú.’ ‘Maith go leor’ ar seisean, ach ar aon nós, d’araigh hAnraí an scéala seo, agus bhí sé in a shuí go moch um maidin, lá arna mhárach.

 

Fuaigh sé in a sheasamh taobh amuigh dhen teach, agus bhí sé a faire síos an dúiche, síos an tsraith, agus cé a fheiceann sé a goil aníos ach an fathach mór seobh. Thainig sé aníos chomh fada le teach hAnraí, ‘bhail’, a deir sé, ‘caithfidh sé gur tusa an gaiscíoch mór seobh gur airigh mé caint air, Anraí Crosach’. ‘Bhail is mé go deimhin’ a deir hAnraí, ‘is mise atá anseobh agat’.

 

‘Bhail thainig mé’ a deir sé, ‘an oiread seo bealaí le builleadh phionsa a bheith agam leat’, seobh cath a throideadh beirt gaiscíoch eatarthu fhéin, agus bhéadh maide mór ag ‘ach aon ceann acu. Agus bhualfeadh siad agus ghreadfadh siad a chéilí leis na maidí seobh nó leis na bataí seobh ná go mbéadh fear acu chomh lag ar deireadh agus nach mbéadh sé in ann a dhul níos faide ná coinneáil air leis an gcath. Agus b’fhéidir ar deireadh go maróf (marfódh) ceann an ceann eile.

 

‘Maith go leor’ a deir hAnraí, ‘má mharaíonn tusa mise ní bheidh aon grian(?) ort agus má maraíonn mise tusa ní bheidh aon grian(?) ormsa’. ‘Níl aon mhaide leat’ a deir hAnraí. ‘Á níl’ a deir an gaiscíoch, ‘níl mé ag leagan amach go mbéadh maide ná dhó le spáráil agat’. ‘Bhail bhainim go bhfuil’, agus fuaigh hAnraí isteach chun a tigh, thug sé anuas gon lota cúl mór maidí, agus thug amach anuas iad, agus chaith sé ar an talamh iad amach ón bhfathach, agus ar ndóigh, nuair a chaitheadh an raon mór maidí ar an talamh, chrith an talamh thart an fathach.

 

‘An ba’iad an cineáil maidí’ a deir a fathach ‘a mbíonn tusa ag troid leof’. ‘Ó sin iad ‘nois na cineáil maidí, a bhímse i gcónaí’ a deir sé ‘déanaimse catha leof’. ‘Pioc do rogha anois, an ceann is fhearr acu, agus an ceann a fhágas tú i do dhéidh, déanfaidh sé mis’.

​

Seachtain na Gaeilge í nÍorras

 

Fadó shin ní raibh mórán caint ar sheachtain na Gaeilge, seachas aimseir na Féile Pádhraic. Nuair a thagadh mí na Márta thugtaí Márt an Earrái ar an tráth seo den bhliain. Ba í an tseachtain a mbeadh Lá Fhéile Pádhraic ag titim orthí an tseachtain ba ghaeilaigh dá raibh againn. An ócáid ba mhó uilig ná an pharáid agus an mhárseáill a bhíodh ar siúl ón nGeata Mór chómh fada siar leis an Eachléim agus cor uair soir go dtí an Fód Dubh, chasfadh thart ansin agus thabharfaidh aghaidh aríst ar an nGeata Mór.

 

Bhí sé seo ag tárlú timpeall tús an chéad seo caite. Chuala mé na sean-daoine dhá rá gurbh iad muintir na hÁirde a chuireadh toiseach leis an lá. Bhí banna fife, flúit agus drumma thimpeall na h-áite ag an am. Is cuimhne liom mo athair mór ag inseacht dhúinn go mbíodh siad féin ag déanamh flúiteanna as píosaí de chán a bhíodh ag teacht faoi thír, thugadh cuid de na fir gléasanna abhaile leo as Alabain.

 

Deirtar go mbíodh an bóthar tógtha le daoine leath-mhíle air fhad, bhíodh seann agus óg amuigh an lá sin, chuile dhuine ag caint í nGaeilge. Bhíodh chuile theach óil druite an lá sin fadó, séard a dhéanamh scata de na fir ná barroile pórtoir a cheannacht ón bpob. Thabharfaidh an barroile ar chairt go dtí teach éigin, chruinníodh siad uilig isteach agus chaithfá do shaighach fhéin a thabhairt leat má bhí dúil agat do sháith a ól. Go léir mar bhíodh an lá dá chaitheamh, an oíche ag druidim sea thoisíodh na h-amhráin agus an seannachas.

 

Ar ndóigh nuair a bhí braon sa gcorraic d’aireodhfá paistí agus píosaí de amhráin greannúr agus gaisce chómh maith le amhráin ghársúil. Bhíodh ceól, damhsa agus promsáil agus pórtor ag dul meainsteid! Bhí na Cathánnaí as baile an Chartúir anseo an-gníomhach í ngraithe na Gaeilge ag tús an chéad seo caite. Heanraí ó Catháin an fear ba mhó acu a bhain cáil amach, bhí sé fhéin agus Seán ó Ruadháin as Dubhloch go mór chun cinn nuair a bunníodh Oireachtas na Gaeilge.

 

Bhain Heanraí chupla dúis scríobh agus litríocht agus bhí sé cáirdúil leis an gCraoibhín Aoibhinn, thug an Cathánnach a shaol ag cur na gaeilge chun cinn. Béidh muid uilig ag cuimhnadh orthú ar fad le linn Sheachtain na Gaeilge d’fhág beagán den tslacht an fánn air mblas!

bottom of page