top of page

AN RÓN GLAS

Rinne fear darbh ainm Brian Rua ó Cearrabháin as Iorras tairgreacht cupla céad bliain ó shin.


Tháinig cuid mhaith isteach a thug sé síos ag an am, ceann amháin a bhfuil trácht air san gceanntar seo, dúirt sé go dtiocfadh rón glas trasna tríd Chnoc an Tearmain agus cé a mharodh é nach gcuireach sé amach an bhliain.
 

Tháinig fear de chuid na háite trasna air agus é ar é bheallach anuas Taobh an Tearmain, bhuail sé agus mharaídh an rón bocht.
 

Bhí craiceann róin ag dul a luach agus ar nóidh bhí chuile úsáid dhá den ola, dhá cuir í lampaí agus coinglíní le solas a thabhairt, bhí laigheas ar phiantaí cnámh ach an ola a chuimilt isteach sa gcraiceann.
 

Ba dheacair a theacht ar rón ar thalamh tirim, thonaic an fear seo a sheans ach farior mar a bhí tugtha síos ag Brian Rua sa tairgreacht na blianta fada fionna roimhe sin cailleadh é fhéin sul a raibh an bhliain amuigh.
Thárla seo uair éigin go léir an tseannachais í dtoiseach an chéad seo chaite.

​

HENRAÍ CROSSACH

Seo cur síos air fhear mór láidair a rugadh í mbaile Dhuibhoileán siar sa seachtú céad déag, Henrí ó Catháin an tainm baistí a bhí air, deirtar gorbh é an fathach deirneach a chónaí í nIorras.
 

Ba gaiscíoch íontach a bhí ann, agus is iomaí turas fada go léir a choise a chuir sé dhó.
Le linn a óige chaith sé seall gearr dhá shaol ar an gCartúr, as sin chuaigh sé go baile na hEachléime, tá scéala a dúirt gur chónaí sé thuas air Thaobh an Tearmin, ar aonós mhair Henraí an chuid eile dhá shaol in áit ar a dtugfaidh Taobh Mór na hEachléime fadó.
Tá sé ráite go ndeacha sé go Cúige Ualdh agus céad meachain air a dhroim, agus tháinig sé abhaile le céad de ábhar eile chaith sé scaite imithe ar fud na tíre ag spailpéireacht agus ag déanamh gaisce.

 

Tráth dá shaol chaith scatheamh eile ag obair in áit ar a dtugtar Crois Líona, thagadh sé abhaile anois ‘s aríst.
 

D’fhág sé an baile tráthnóna amháin agus thug a aighaidh síos an bealach mór, ag dul síos Béal Dorcha dhó thug sé faoi deara go raibh cat mór ag siúl ina dhiaidh, chuile uair a sheasamh Henraí sheasamh an cat chomh maith, nuair a théadh Henraí chun cinn théadh an cat dhá leannúint.
 

Bhí sé seo ag dul aighaidh nó go raibh Henraí amuigh sa nGleann, chuaigh sé isteach í dteach ina mbíodh sé ag fanacht agus ag ligean a scíghe go maidin.
Thug bean an tígh siupéar dhó agus í ndiaidh scatheamh den oíche chuaigh muintir an tígh a choladh agus tugadh an leaba céanna do Henraí ina gcolaidh sé roimhe sin, ba ghearr go dtainic suan cholat air.

 

Dúisiodh amach as a choladh é damhain í lár na hoíche agus céard a bheadh réidh le ionsaí a dhéanamh air ach an cat, go hábhail dé go raibh an sían a bhíodh ar iompar leis faoin bpilliúr aige, nuair a léim an cat isteach sa leaba tharraing Henraí an scían, tholl agus mhara sé an cat ar maidin bhí Henraí ina shuígh go moch agus réití bean an tígh bricfásta dhó, “shíl mé nach raibh do chat go h-olc” ar seisean, “níl mo chatse go h-olc” ar sise. Bheil, a deir Henraí, “d’ionsaí cat mór fiáin mise aréir sa rúma í lár na hoíche”.
 

Nuair a d’oscail sí an doras agus dhearc isteach, chonaic sí an cat marbh ar an urlár le taobh na leapa, agus ar nóigh bhí sé chomh mór le asal!
 

Tá go leór scéalta eile againn san ionad má tá sium agat ann.
 

Tá tumba Henraí Crossach le feiceál ag binn Theampal Naomh Deirrible í
seann reilic an Fháil Mhóir, tá cárnán mór cloch ós a chionn mar a d’iar sé agus é ar leaba a bháis.

​

bottom of page