CLÁR POTA ÓN SPÉIR

Tráthnóna bhreá shamhraidh siar í lár na naoi déag ochtóidí bhí mo bheirt uncail agus mo dhreatháir ag tíocht isteach Pol an Chartúir in éis an lá a chaitheamh amuigh ag iascaireacht.

 

Tuairim is leath bealaí idir an cladach agus Bár an Phonta, sin é an pointe is faide amach ó Dheas de Ghob mhuigh Rathain, nuair thug an fear a bhí ina shuíghe ag iomrú ar an seas deirí rud mar bheadh clár pota ag titim ón spéir le luas mór.

 

Choinic an triúr acu é nuair a bhí sé go díreach ós cionn dheireadh an churraí, bhuail sé an fharraige faoi thuairt agus chuaigh go tóin poil.

 

Bhí an t-ádh dearg leó nach raibh fad an churraí de mhoill orthú, dhá mbeadh is cinnte go dtiteadh sé sa gcurrach.

 

An lá ina dhiaidh chuairte siad an tráigh nuair a bhí an lán mara imithe amach agus riamh ó shin ní bhfuairas tada san áit ar thit an rud seo.

EASCANN GAN CHEANN

Lá fadó thimpeall 1930 bhí mo athair mór agus a bheirt dhreatháir amuigh ag iarraí gliomach tháll ag taobh Aclla nuair tharraing an fear a bhí ar na potaí aníos an ceann seo céard a bheadh istigh ann ach a eascann mhór dhubh.

Ní mór dhuit fios do ghraithe a bheith agat le eascann a bhaint as pota gliomach.
Sháith sé scían na mboití isteach idir dhá sháitán í dtaobh an phota agus déirí bár na scinne a sháthú í gcúl cinn na h-eascainne, bhain sin as a meabhair í nó gur tharraing sé aníos as an bpota í.

Bhí sí thart ar 6 thoigh agus lán a dhá láimh raibhe, ghearr sé an cloigeann dhuith agus chait í bhfarraige é. Thoisaigh an eascann dá casadh fhéin agus siúd aniar lei faoi chosa na beirte a bhí ar na céaslaí nó go ndeacha sí amach í dtoiseach an churraí, scaitheamh beag ina dhiaidh daire siad rud éigin ag titim san uisce, nuair dhearc fear acu chun tosaigh ní fhaca sé an eascann abhus nó tháll, rinne a bealach amach go gob an churraí agus chuaigh sí í bhfarraige arís.